Is é is Cumhacht Aturnae ann doiciméad a shíníonn duine amháin (ar a dtugtar an ‘deontóir’ de ghnáth) a thugann cumhacht do dhuine eile (ar a dtugtar an ‘deontaí‘ nó an t-‘aturnae’ de ghnáth) chun doiciméid a shíniú thar ceann an deontóra agus rudaí a dhéanamh i ndáil lena ghnóthaí nó a gnóthaí mar a thuairiscítear go sonrach (cumhacht theoranta) nó go ginearálta (cumhacht ghinearálta) sa doiciméad.
Más rud é, mar shampla, go bhfuil tú ag ceannach, ag díol nó ag morgáistiú maoine i dtír iasachta, d’fhéadfadh gurbh áisiúil duit Cumhacht Aturnae a thabhairt do dhuine sa tír sin, dlíodóir de ghnáth, chun déileáil leis an idirbheart ar do shon. Sábhálfaidh sé sin taisteal thar lear ort chun freastal ar fhoirmiúlachtaí, agus d’fhéadfadh go gcabhróidh sé le haon fhadhbanna a bhaineann leis an idirbheart go ginearálta a réiteach. I bhformhór na gcásanna, beidh ort an Chumhacht Aturnae a shíniú os comhair Nótaire Phoiblí. Is é an dlíodóir eachtrach dá dtabharfar údarás a dhréachtfaidh an Chumhacht Aturnae de ghnáth.
Beir an teachtaireacht ríomhphoist leat chuig an Nótaire Éireannach. Is amhlaidh atá toisc nach féidir a bheith ag súil leis go mbeadh eolas ag Nótaire Poiblí Éireannach ar theangacha iasachta difriúla nó go mbeadh cur amach aige nó aici ar na foirmiúlachtaí cuí i ndáil le Cumhachtaí Aturnae i dtíortha difriúla.
Is iondúil go bhfaighidh tú an Chumhacht Aturnae le ríomhphost ón dlíodóir eachtrach, agus beidh treoracha mionsonraithe ag gabháil léi maidir lena síniú go minic. Beir an teachtaireacht ríomhphoist leat chuig an Nótaire Éireannach. Cabhróidh sé seo leis an Nótaire Poiblí foirmiúlachtaí na tíre áirithe dá bhfuil an Chumhacht Aturnae ceaptha a chomhlíonadh.
Ba cheart duit a fhiafraí den dlíodóir eachtrach freisin (nó den duine a cheaptar ina (h)Aturnae) an gá an doiciméad a ‘Dhlisteanú‘ nó a Apastailiú. Is cineálacha difriúla iad seo d’fhíorú oifigiúil a dhéanamh ar shíniú a mhíneoidh an Nótaire Poiblí duit más gá.
Is doiciméid thábhachtacha dlí iad Cumhachtaí Aturnae a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha dlí agus airgeadais a bheith acu do na daoine a shíníonn iad. Tá sé tábhachtach, mar sin, go bhfaighfeá comhairle inniúil agat faoi na ciallachais dhlíthiúla, airgeadais agus chánachais a bhainfeadh le haon idirbheart eachtrach atá beartaithe agus faoina stuama atá sé Cumhacht Aturnae a thabhairt do dhlíodóir eachtrach nó do dhuine eile nár bhuail tú leis nó léi riamh...
Toisc gur gnách nach dréachtóir na Cumhachta Aturnae Eachtraí ná do chomhairleoir dlí é nó í an Nótaire Poiblí, is fút féin atá sé aon doiciméad i dteanga iasachta, a bhfuil sé ar intinn agat a chur ar fáil, a aistriú i gceart sula dtéann tú chuig an Nótaire.
Éileoidh Nótaire a mbeidh tú os a c(h)omhair go dtuigfidh tú an doiciméad agus an cuspóir atá leis agus d’fhéadfadh go n-iarrfadh sé ort admháil fhoirmiúil a shíniú ina leith sin. Cinnteoidh an Nótaire, áfach, go gcomhlíonfar gach foirmiúlacht eile maidir le feidhmiú na Cumhachta Aturnae, amhail aitheantas agus inniúlacht dhlíthiúil a dhearbhú, do shíniú a fhianú agus gníomh nótaireachta a sholáthar.