Apastaile agus Fíorú

An rud is Apastaile ann

Tá feidhm ag nós imeachta Apastaile in ionad Fíorú idir na tíortha iomadúla sin a shínigh agus a dhaingnigh Coinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 nó a d’aontaigh leis. Rinne Éire an Coinbhinsiún a dhaingniú i 1999. Is féidir tíortha eile ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta Apastaile a sheiceáil ar shuíomh Gréasáin Choinbhinsiún na Háige, áit a bhfuil liosta de na tíortha a chloíonn leis an gcóras Apostille lena gcuirtear deireadh leis an ngá atá le fíorú, chomh maith le tíortha nach gcloíonn leis. Tá tíortha atá, nó ar dóichí atá, ag cloí le Coinbhinsiún na Háige le fáil ar leathanach gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha freisin.

https://www.hcch.net/en/instruments/conventions/specialised-sections/apostille

 

Fíorú

Nós imeachta a aithnítear go hidirnáisiúnta is ea an fíorú chun barántúlacht sínithe oifigiúla agus/nó séala oifigiúil a chuirtear ar dhoiciméad poiblí a dheimhniú. Feidhmíonn sé de bhun slabhra neamhbhriste sínithe deimhniúcháin a thosaíonn le síniú chéad sínitheoir an doiciméid agus a chríochnaíonn le síniú ionadaí taidhleoireachta nó consalachta an stáit ina bhfuil an doiciméad le tabhairt ar aird agus ina ngníomhófar ina leith. Is iondúil go dtosaíonn an nós imeachta fíorúcháin nuair a fhianaíonn Nótaire Poiblí síniú duine ar dhoiciméad foirmiúil m.sh. Cumhacht Aturnae. Tar éis don Nótaire Poiblí a ainm nó a hainm a shuibscríobh agus a shéala oifigiúil nó a séala oifigiúil a ghreamú den doiciméad mar ghníomh nótaireachta, socraíonn sé nó sí go dtabharfar an doiciméad ar aird do Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí chun síniú agus séala oifigiúil an Nótaire a fhíorú. Cuirtear an doiciméad ar fáil ansin i Rannóg Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath chun síniú Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí a fhíorú agus ar deireadh thiar thall tugtar ar aird d’ionadaí taidhleoireachta nó consalachta i mBaile Átha Cliath (nó Londain) na tíre coigríche ina dtaispeánfar é ionas gur féidir síniú Oifigeach Consalachta na hÉireann a fhíorú. Ach a dtugtar na céimeanna go léir thuas chun críche, deirtear go bhfuil an doiciméad fíoraithe. Uaireanta tugtar “fíorú siopa ilfhreastail” ar an Apastaile. Is féidir tíortha eile ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta Apastaile a sheiceáil ar shuíomh Gréasáin Choinbhinsiún na Háige, áit a bhfuil liosta de na tíortha a chloíonn leis an gcóras Apostille lena gcuirtear deireadh leis an ngá atá le fíorú, chomh maith le tíortha nach gcloíonn leis. Tá tíortha atá, nó ar dóichí atá, ag cloí le Coinbhinsiún na Háige le fáil ar leathanach gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha freisin.

 

Conas Iarratas a Dhéanamh ar Apastaile / ar Fhíorú

D’aththosaigh Oifigí Poiblí um Fhíordheimhniú/Apastailí i mBaile Átha Cliath a seirbhís siúl isteach ina n-oifig ag 42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach.

Bíonn siad ar oscailt Dé Luain, Dé Máirt, Déardaoin agus Dé hAoine. Is iad na huaireanta oscailte atá acu 9.30am – 12.30pm, agus 2.30pm – 3.30pm.

Bíonn an tAonad um Fhíordheimhniú i gCorcaigh ar oscailt Dé Máirt agus Déardaoin amháin, idir 9.30am – 12.30pm.

https://www.dfa.ie/travel/our-services/authenticating-documents/

Leanfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha (“DFA”) de dhoiciméid a fhaightear tríd an bpost cláraithe a fhíordheimhniú/apastailiú. Ba chóir doiciméid a sheoladh sa phost chuig:

An Rannóg um Fhíordheimhniú,

An Rannóg Consalachta,
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála,
80 Faiche Stiabhna,

Baile Átha Cliath D02 VY53

Moltar duit na doiciméid a chur sa phost cláraithe. Seolfar na doiciméid ar ais chugat sa phost cláraithe. Cuir litir ghairid chlúdaigh leo le do thoil a thabharfaidh an t-eolas seo a leanas:

  • D’ainm
  • Do sheoladh
  • D’uimhir ghutháin
  • Ainm na tíre ina n-úsáidfear an doiciméad/na doiciméid agus an táille chuí (féach thíos)
  • Is féidir íocaíocht a dhéanamh le dréacht bainc Éireannach nó le hordú poist nó déanfaidh an DFA teagmháil leat ag an uimhir a sholáthrófar chun íocaíocht le cárta creidmheasa/dochair a dhéanamh.

Is féidir gach fiosrú maidir leis an tseirbhís agus leis an oifig phoiblí i mBaile Átha Cliath a dhéanamh ach glaoch ar 01 408 2174 (ar maidin amháin, gach Luan, Céadaoin agus Aoine) nó teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig authentications@dfa.ie. D’fhéadfaí freastal ar choinní éigeandála ach faoin DFA é a leithéid a dhéanamh

Is deimhniú é Apastaile a eisíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha a fhíoraíonn fírinneacht síniú agus/nó shéala oifigigh phoiblí m.sh. Nótaire Poiblí, ar dhoiciméad poiblí agus an cháil inar ghníomhaigh sé nó sí. Uaireanta tagraítear dó mar leagan ‘mear’ “d’fhíorú” a bhí i bhfeidhm in Éirinn go dtí 1999, agus atá i bhfeidhm fós i líon beag tíortha eile, ach tá an líon sin ag dul i laghad. Baineann an Apastaile leis na cuspóirí sin anois idir Éirinn agus formhór na ndlínsí eile.

Cuirtear an deimhniú Apastaile leis an doiciméad poiblí is gá a apastailiú. Faightear é ach an doiciméad a thabhairt i láthair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha,

  • Baile Átha Cliath i dTeach Knockmaun, 42-47, Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, a bhíonn ar oscailt ó Luan go hAoine 9:30 go 12:30 agus 2.30 go 4.00; uimhir ghutháin: + 353 1 4082174
  • Corcaigh ag 1A An Meal Theas, Corcaigh,
  • Is é seoladh an tsuímh ghréasáin: https://www.dfa.ie/travel/our-services/authenticating-documents/

Is é an táille chonsalachta chuí de ghnáth €40.00 in aghaidh an deimhniúcháin.

Roinn:
Facebook
Twitter
LinkedIn
WhatsApp