Beidh an Nótaire tar éis mionsonraí a thabhairt duit faoina s(h)eirbhísí agus faoi leibhéal na dtáillí a d’fhéadfadh a bheith le híoc agat. Is daoine gairmiúla iad Nótairí Poiblí agus gearrann siad táille as a gcuid ama, a gcuid saineolais agus an leibhéal riosca a bhaineann le hidirbheart faoi leith. Féadfar táillí breise a ghearradh as aon obair bhreise nár comhaontaíodh roimhe seo. Féadfaidh an Nótaire gan deimhnithe/doiciméid a chur ar fáil go dtí go n-íocfar a dtáillí mar aon le haon eisíocaíochtaí eile. Cinntigh le do thoil gur dheimhnigh tú leis an Nótaire na cineálacha íocaíochta a nglacann siad leo m.sh. Seic, Airgead Tirim, EFT, Cárta.