Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go dtuigeann tú an doiciméad a bhfuil sé ar intinn agat a shíniú agus nótaireacht a dhéanamh air.
Ceisteoidh an Nótaire tú faoi do thuiscint ar chineál agus ar chuspóir an doiciméid agus ní dhéanfaidh sé nó sí nótaireacht air mura féidir leat an dearbhú sin a thabhairt don Nótaire.
Má tá an doiciméad an-teicniúil m.sh. Comhaontú Foirgníochta nó Cumhacht Aturnae nó má tá sé i dteanga nach dtuigeann tú, socraigh go míneoidh duine a bhfuil muinín agat as nó aistí duit roimh ré é.
Faigh cibé comhairle dlí nó comhairle eile a bheidh de dhíth ort sula dtéann tú chuig an Nótaire. Ní cás don Nótaire de ghnáth ach d’aitheantas, d’ainm, do sheoladh, do shíniú, agus do chumas ar bhealach ginearálta an doiciméad a thuiscint a fhíorú. Is ortsa atá an fhreagracht as a bhfuil sna doiciméid, as a mbrí agus as a dtionchar, agus cibé is ciallmhar duit iad a shíniú nó nach ea.
Doiciméid i dTeangacha Iasachta
Ní gá go dtuigfeadh an Nótaire an teanga iasachta ina scríobhtar an doiciméad. Ní mór don Nótaire a bheith sásta, áfach, go dtuigeann tú an doiciméad. Má tá an Nótaire sásta amhlaidh, stampálfaidh sé/sí an doiciméad i dteanga iasachta le ráiteas dá leithéid seo a leanas:
‘Tá gníomh na nótaireachta teoranta d’aitheantas, d’inniúlacht dhlíthiúil, d’ainm agus do shíniú an Láithrí a fhíorú, mura sonraítear a mhalairt go sainráite sa Ghaeilge.’
Is ann dó seo chun tú féin agus an Nótaire a chosaint ar eagla go dtabharfadh teanga an doiciméid nó cleachtas na tíre ina n-úsáidfear an doiciméad le tuiscint go bhfuil an Nótaire ag déanamh nó ag rá níos mó ná mar a thuigeann tú féin nó an Nótaire a bheith amhlaidh.
Éileoidh an Nótaire ort a admháil go foirmiúil i scríbhinn i bhfoirm chaighdeánach go dtuigeann tú an doiciméad i (nó go páirteach i) dteanga iasachta. Déanadh duine a bhfuil muinín agat as nó aistí an doiciméad a bhfuil nótaireacht de déanamh air a aistriú agus/nó a mhíniú duit sula bhfeice tú an Nótaire.
Comhairle Dlí
Mura bhfuil tú tar éis a aontú go sainráite leis an Nótaire go gcuirfidh sé nó sí comhairle dlí ort maidir leis an doiciméad nó le ciallachais an doiciméid sin sa dlínse a bhfuil sé ag dul ann, beidh seirbhís an Nótaire teoranta do théarmaí an deimhniúcháin nótaireachta a chuireann sé nó sí ar fáil. Oibreoidh an Nótaire i gcomhar le do chomhairleoirí eile ach is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil comhairle leordhóthanach faighte agat ó dhuine atá inniúil go cuí maidir le dlí agus impleachtaí an doiciméid sa dlínse a bhfuil tú chun é a sheoladh ann.