Is comhlacht corpraithe faoi theorainn ráthaíochta í Dámh na Nótairí Poiblí in Éirinn (an ‘Cuideachta Dáimhe’ nó an ‘Dámh’), a corpraíodh in Éirinn an 13 Márta 1981 leis an uimhir chuideachta 81632, arb é is aidhm léi gairm na Nótairí Poiblí in Éirinn a chothú, a chur chun cinn agus a rialáil. Déanann an Déan agus an Cláraitheoir gnóthaí na Dáimhe ó lá go lá a bhainistiú, agus tuairiscíonn siadsan don Bhord Stiúrthóirí agus don Chruinniú Ginearálta. Cuireann an Dámh eolas ar fáil do Nótairí Poiblí, d’Aturnaetha agus don phobal i gcoitinne i ndáil le gnóthaí laistigh dá proibhinse agus go háirithe maidir le gnéithe de chleachtas agus nós imeachta na nótaireachta in Éirinn.
Tá an Dámh rannpháirteach i gComhlachas Dlí Choitinn na Nótairí (C.L.A.N.) a tháinig i gcomharbacht ar Eagraíocht Dhomhanda na Nótairí (W.O.N.) a raibh baint ag an Dámh léi nuair a bunaíodh i nDún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath, Éire i Márta 2010 í. Tá C. L. A. N. lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois.
Is é stádas dlíthiúil na Cuideachta Dáimhe ná cuideachta atá faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici, agus an focal ‘teoranta’ fágtha ar lár óna hainm le ceadúnas ón Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta (ag an am). Cláraíodh an Chuideachta in Éirinn an 13 Márta 1981 faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 1977 leis an gCláruimhir 81632. Tá a hoifig chláraithe suite in Prosperity Chambers, 5/6 Sráid Uí Chonaill Uachtarach, Baile Átha Cliath 1