Bearta Frith-Sciúrtha Airgid

Ceanglaítear ar Nótairí faoin gCód Iompair do Nótairí Poiblí in Éirinn, mar ábhar dea-chleachtais, aitheantas gach duine a thagann os a gcomhair chun gnó nótaireachta a dhéanamh a chinntiú.

Is éard is sciúradh airgid ann fáltais choiriúla (airgead tirim agus sócmhainní a fhaightear de bun gníomhaíochtaí coiriúla) a phróiseáil chun a mbunús mídhleathach a cheilt. Is fadhb ar fud an domhain é agus tá rialtais ag glacadh céimeanna móra le blianta beaga anuas chun é a chomhrac.

Caitear le sciúradh airgid mar chion an-tromchúiseach ó achtaíodh an tAcht um Cheartas Coiriúil i 1994. Tugann na hAchtanna um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010 agus 2013 reachtaíocht frithsciúrtha airgid agus frithmaoinithe sceimhlitheoireachta na hÉireann cothrom le dáta agus fágann siad go bhfuil sí ag teacht le Treoir Frithsciúrtha Airgid an AE (2005/60/CE). Rinne an tAcht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta)(Leasú) 2018 an ceathrú Treoir de chuid an AE in aghaidh Sciúrtha Airgid (2015/849/AE) a thrasuíomh i ndlí na hÉireann.

Tá dualgas ar Nótairí faoin reachtaíocht thuas bearta a chur i bhfeidhm chun sciúradh airgid a chosc agus chun idirbhearta amhrasacha a thuairisciú.

Aitheantas an láithrí

Tá dualgas ar an Nótaire Poiblí a láithríonn duine os a c(h)omhair chun gnó nótaireachta á dhéanamh aitheantas a fháil ón láithrí sin agus tá sé i dteideal dhá cheann ar a laghad de na trí chineál aitheantais seo a leanas a iarraidh agus ní mór gur doiciméad a bhfuil do sheoladh reatha air ceann acu sin:-

  • Pas
  • Ceadúnas Tiomána
  • Bille Fóntais

Féadfaidh an Nótaire cóip a dhéanamh d’aon doiciméad aitheantais a thugtar don Nótaire agus é a choinneáil ar comhad ar feadh cúig bliana. Féadfaidh an Nótaire, uaireanta, litir chur in aithne a iarraidh ar do dhlíodóir. Ní ghlacann Nótairí le ceadúnais tiomána, de ghnáth, má bhíonn gné eachtrach ag baint leis an idirbheart .i. baineann sé le gluaiseacht nó éadáil sócmhainní nó réadmhaoine lasmuigh den Stát.

Oibleagáid maidir le hidirbheart amhrasach a thuairisciú

Tuigeann nótairí go bhfuil leibhéal an-ard rúndachta ag baint le faisnéis a thugtar dóibh, dála gach dlíodóra. I gcúinsí áirithe, áfach, nuair a bhíonn an Nótaire in amhras go bhfuil idirbheart lena mbaineann éadáil nó aistriú sócmhainní ‘smálta’ .i. gurb ionann an t-airgead nó na sócmhainní a bhfuiltear ag déileáil leo agus fáltais na coireachta nó na sceimhlitheoireachta, bíonn oibleagáid dhlíthiúil ann an t-amhras sin a thuairisciú don Garda Síochána. Ar an ábhar sin, ba cheart go mbeadh láithrithe in ann mínithe sásúla a thabhairt don Nótaire maidir le foinse an airgid nó na sócmhainní a bhaineann leis an idirbheart nótaireachta.

Cad is fáltais coireachta ann?

Chun críocha na reachtaíochta sciúrtha airgid atá i bhfeidhm faoi láthair, áirítear le fáltais na coireachta, ní hamháin fáltais na mangaireachta drugaí, na cambheartaíochta agus na sceimhlitheoireachta, ach imghabháil cánach, calaois leasa shóisialaigh agus mionchoiriúlacht freisin. Cuir i gcás, bheadh ceannach maoine coigríche le hioncam neamhchánaithe nó le sochair leasa shóisialaigh nó sochair eile a fhaightear go neamhdhleathach ina shócmhainn ‘smálta’ agus b’ionann aon aistriú agus cion nó sciúradh airgid.

An oibleagáid gan fíorchineál sócmhainní a cheilt nó a chur faoi bhréagriocht

Ar an ábhar sin, ba cheart go mbeadh láithrithe in ann mínithe sásúla a thabhairt don Nótaire maidir le foinse an airgid nó na sócmhainní a bhaineann leis an idirbheart nótaireachta. D’fhéadfadh litir ó dhlíodóirí nó ó bhaincéirí an láithrí féin nó ó institiúid chreidiúnach éigin eile aon imní go bhféadfadh na sócmhainní a bheith ‘smálta’ a mhaolú.

Roinn:
Facebook
Twitter
LinkedIn
WhatsApp