Beidh an Nótaire tar éis mionsonraí na nithe a bheidh de dhíth air nó uirthi a chur ar fáil duit sula dtaga tú chuig an oifig.
Tá sé seo thar a bheith tábhachtach sa chás go mbeadh aon bhearta agus rialacháin sláinte poiblí i bhfeidhm ag tráth faoi leith. Beidh a p(h)olasaithe agus nósanna imeachta féin ag gach Nótaire agus is ortsa atá an fhreagracht cloí leo.
Sa chás gur iarradh ort ort doiciméid chur le ríomhphost nó facs chuig an Nótaire roimh do choinne, cinntigh le do thoil go ndéanfaidh tú amhlaidh in am is i dtráth. Más mian leis an Nótaire pointe ar leith a shoiléiriú a meastar go bhféadfadh dearacht a bheith leis ina dhiaidh sin, iarrfaidh sé nó sí ort tuilleadh eolais a thabhairt.
Seans go bhfuil comhairleoirí eachtracha agat a d’ullmhaigh na doiciméid a bheidh tú a faoi bhráid an Nótaire agus is úsáideach an rud é go minic cóip díobh a chur leis an gcumarsáid leis an Nótaire ionas gur féidir le do chomhairleoirí eachtracha aon dréacht-doiciméid / deimhnithe a ullmhóidh an Nótaire a fhaomhadh ina ndoiciméid inghlactha i ndlínse a gcinn scríbe.